{"id":3343,"date":"2017-02-08T15:29:38","date_gmt":"2017-02-08T15:29:38","guid":{"rendered":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/eolas-maidir-le-portach-an-mhongain\/"},"modified":"2022-12-28T11:30:12","modified_gmt":"2022-12-28T11:30:12","slug":"eolas-maidir-le-portach-an-mhongain","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/eolas-maidir-le-portach-an-mhongain\/","title":{"rendered":"Eolas maidir le Portach an Mhong\u00e1in"},"content":{"rendered":"<p>Is f\u00e9idir gurb \u00e9 Portach an Mhong\u00e1in ceann de na portaigh is suntasa\u00ed n\u00ed hamh\u00e1in in \u00c9irinn n\u00f3 go deimhin san Eoraip, ach sa domhan ar fad T\u00e1 s\u00e9 suite in aice le mainistir Chluain Mhic N\u00f3is, ceann de na l\u00e1ithreacha naofa is stairi\u00fala ar domhan, agus t\u00e1 daoine ag tabhairt cuairt ar an bportach leis na c\u00e9adta bliain. Chuireadh an talamh portaigh cruinneach\u00e1nach seo iontas ar oilithrigh a bh\u00edodh ag taisteal \u00f3n Eoraip go Cluain Mhic N\u00f3is ar feadh \u2018Bhealach na nOilithreach\u2019 (at\u00e1 le hais an phortaigh agus a bhreathna\u00edonn amach ar an bportach) mar nach raibh aon rud mar sin le f\u00e1il in \u00e1iteanna eile san Eoraip ag an am.<\/p>\n<div id=\"attachment_2778\" style=\"width: 1034px\" class=\"wp-caption aligncenter\"><a href=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/DJI_0012-scaled.jpg\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" aria-describedby=\"caption-attachment-2778\" class=\"size-large wp-image-1970\" src=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/DJI_0012-1024x682.jpg\" alt=\"\" width=\"1024\" height=\"682\" srcset=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/DJI_0012-1024x682.jpg 1024w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/DJI_0012-300x200.jpg 300w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/DJI_0012-768x512.jpg 768w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/DJI_0012-1536x1023.jpg 1536w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/DJI_0012-2048x1364.jpg 2048w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><\/a><p id=\"caption-attachment-2778\" class=\"wp-caption-text\">SAC Phortach an Mhong\u00e1in, Samhain 2020. Pic: Skyfab\/Declan Murray for NPWS<\/p><\/div>\n<p>Gabh ar aghaidh na c\u00e9adta bliain ina dhiaidh sin go dt\u00ed na 1970\u00ed, agus is l\u00e9ir gurb \u00e9 Portach an Mhong\u00e1in an inspior\u00e1id a bh\u00ed taobh thiar de ghluaiseacht \u00cdsilt\u00edreach-\u00c9ireannach chun go leor portaigh \u00c9ireannacha a sh\u00e1bh\u00e1il T\u00e1 p\u00e1irt-\u00fain\u00e9ireacht ag An Taisce, carthanas at\u00e1 ag obair chun oidhreacht n\u00e1d\u00fartha agus th\u00f3gtha na h\u00c9ireann a chaomhn\u00fa agus a chosaint.<\/p>\n<p>Leantar ar aghaidh ag cur iontas ar dhaoine agus \u00e1 spreagadh f\u00f3s sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann agus \u00e9 ar cheann de na portaigh ardaithe is fearr caomhnaithe in Iarthar na hEorpa<\/p>\n<p><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\"alignnone size-large wp-image-1082\" src=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Mongan_logo-1024x723.jpg\" alt=\"\" width=\"1024\" height=\"723\" srcset=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Mongan_logo-1024x723.jpg 1024w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Mongan_logo-300x212.jpg 300w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Mongan_logo-768x542.jpg 768w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><\/p>\n<p>Meastar go bhfuil SAC Phortach an Mhong\u00e1in os cionn 9,000 bliain d&#8217;aois, agus gur foirm\u00edodh \u00e9 in imchuach idir dh\u00e1 eiscir chlaonta thoir-thiar. Crutha\u00edodh m\u00f3in dhomhain an lae inniu in imchuach locha \u00e9adomhain agus d&#8217;fh\u00e1s a cruinneach\u00e1n ardaithe an\u00edos mar gheall ar charnadh m\u00f3na le himeacht ama. Ar an gc\u00e9ad amharc is f\u00e9idir go mbeadh an chuma ar Phortach an Mhong\u00e1in go bhfuil s\u00e9 beag\u00e1in\u00edn cothrom agus gan suntas ach i nd\u00e1ir\u00edre t\u00e1 an t\u00edr-raon neamhrialta ar leith sin coitianta ar phortaigh ardaithe ghn\u00edomhacha chomh maith le paist\u00ed fliucha \u00e9ags\u00fala agus fl\u00fairse linnte uisce oscailte.<\/p>\n<p>T\u00e1 SAC Phortach an Mhong\u00e1in suite beag\u00e1n le cois 1.5km \u00f3 Sh\u00e9adchomhartha N\u00e1isi\u00fanta Chluain Mhic N\u00f3is agus Abhainn iontach na Sionainne, agus 12km \u00f3 dheas \u00f3 Bhaile \u00c1tha Luain Aithn\u00edtear go hidirn\u00e1isi\u00fanta \u00e9 mar cheann de na portaigh ardaithe l\u00e1r t\u00edre dheireanacha a f\u00e1gadh sl\u00e1n (den chuid is m\u00f3) in \u00c9irinn.<\/p>\n<p>M\u00e1 fh\u00e9achann t\u00fa ar fhad ioml\u00e1n na Sionainne \u00f3n aer, feicfidh t\u00fa freisin gurb \u00e9 an Mong\u00e1n ceann de na portaigh dheireanacha r\u00e9as\u00fanta sl\u00e1n cois na habhann, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, t\u00e1 tuilte tromch\u00faiseacha ag tarl\u00fa ann le blianta beaga anuas, agus cailleadh na sp\u00fains\u00ed n\u00e1d\u00fartha seo ar feadh a fhaid.<\/p>\n<div id=\"attachment_2481\" style=\"width: 1034px\" class=\"wp-caption alignnone\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" aria-describedby=\"caption-attachment-2481\" class=\"size-large wp-image-1084\" src=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Mongan-Shannon-1024x536.png\" alt=\"\" width=\"1024\" height=\"536\" srcset=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Mongan-Shannon-1024x536.png 1024w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Mongan-Shannon-300x157.png 300w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Mongan-Shannon-768x402.png 768w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Mongan-Shannon.png 1641w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><p id=\"caption-attachment-2481\" class=\"wp-caption-text\">San amharc \u00f3n aer 20km x 12km seo \u00f3 Bing Maps, feictear Portach an Mhong\u00e1in (sa l\u00e1r) scoite amach agus l\u00edonra de phortaigh stiallmhianaithe timpeall air, an mh\u00f3in a \u00fas\u00e1ideadh le haghaidh st\u00e1isi\u00fan cumhachta amhail Droichead na Sionainne agus an F\u00e9ar B\u00e1n. T\u00e1 su\u00edomh tionscadail eile d\u00e1r gcuid, SAC Phortach an Fh\u00e9ir Bh\u00e1in, le feice\u00e1il ar thaobh na l\u00e1imhe deise ag bun an ghrianghraif (Aondroim).<\/p><\/div>\n<p>Cl\u00fada\u00edonn Portach an Mhong\u00e1in achar os cionn 205 heicte\u00e1r, agus is \u00e9 aidhm thionscadal LIFE cuid mhaith de sin a fheabhs\u00fa as seo go ceann c\u00faig bliana. Is leis An Taisce thart ar 119 heicte\u00e1r den su\u00edomh iontach seo.<\/p>\n<p>Is portach beo fliuch \u00e9 an Mong\u00e1n ina bhfuil Portach Ardaithe Gn\u00edomhach a chl\u00fada\u00edonn beagnach 40% de limist\u00e9ar an phortaigh ard, agus foirm\u00edodh tul\u00f3ga agus linnte thar sciar m\u00f3r den dromchla. T\u00e1 dl\u00fas ard caonach sfagnaim ann \u2013 cl\u00fadach beagnach 90% i roinnt \u00e1iteanna. T\u00e1 faiche l\u00e1rnach sfagnaim beo agus foll\u00e1in aige, agus, d\u00e1la gach portach ardaithe maith, mar is airde a th\u00e9ann t\u00fa ar an Mong\u00e1n, mar is fliche a bh\u00edonn s\u00e9. Cl\u00fada\u00edonn portach ard d\u00edghr\u00e1daithe 60% de limist\u00e9ar an phortaigh ard.<\/p>\n<p>T\u00e1 cuid de na tul\u00f3ga ar an Mong\u00e1n os cionn 150cm ar airde agus \u2013 de r\u00e9ir staid\u00e9ir a rinne Col\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide in 1987 \u2013 t\u00e1 curiarracht l\u00e1r t\u00edre acu le haghaidh tul\u00f3ga ardphortaigh!<\/p>\n<p>Maireann r\u00e9imse leathan planda\u00ed sna tul\u00f3ga, lena n-\u00e1ir\u00edtear fraoch m\u00f3r, fraoch naosca\u00ed, lus na m\u00f3inte, m\u00f3n\u00f3g, ceannbh\u00e1n, dr\u00facht\u00edn m\u00f3na agus sciollam na m\u00f3na.<\/p>\n<p><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\"alignnone size-large wp-image-1088\" src=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Some_species_nice_pics-1-1-1024x768.jpg\" alt=\"\" width=\"1024\" height=\"768\" srcset=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Some_species_nice_pics-1-1-1024x768.jpg 1024w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Some_species_nice_pics-1-1-300x225.jpg 300w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Some_species_nice_pics-1-1-768x576.jpg 768w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><\/p>\n<p>T\u00e1 roinnt gn\u00e9ithe at\u00e1 suimi\u00fail \u00f3 thaobh na z\u00fa-eola\u00edochta de ag an Mong\u00e1n agus c\u00e9 gur portach l\u00e1r t\u00edre \u00e9, t\u00e1 roinnt gn\u00e9ithe agus speiceas de chuid phortaigh ardaithe an iarthair ann.<\/p>\n<p>\u00d3 thaobh radhairc de, t\u00e1 an Mong\u00e1n i dt\u00edrdhreach ceantair l\u00e1n le gn\u00e9ithe n\u00e1d\u00fartha sl\u00e1na agus l\u00e1n le bith\u00e9ags\u00falacht a thaca\u00edonn le gn\u00e1th\u00f3ga t\u00e1bhachtacha (Cala\u00ed de chuid na Sionainne, eiscir, p\u00e1bh\u00e1il aolchloiche), rud a chuireann lena th\u00e1bhacht n\u00edos m\u00f3 f\u00f3s.<\/p>\n<p>Sa tseanaimsir bh\u00edodh an Mong\u00e1n ar cheann de na portaigh ardaithe n\u00edos l\u00fa sa cheantar, agus inniu measaimid go bhfuil 40.5% den bhunchruinneach\u00e1n f\u00f3s ann Ach bh\u00ed s\u00e9 chomh t\u00e1bhachtach c\u00e9anna leis na portaigh eile cois Sionainne, agus \u00e9 ag s\u00fa tuilte agus ag tac\u00fa le r\u00e9imse iontach saoil. Ach t\u00e1 laethanta n\u00edos fearr feicthe ag portaigh na coda seo d&#8217;U\u00edbh Fhail\u00ed\/den Iarmh\u00ed agus t\u00e1 dochar d\u00e9anta don chuid is m\u00f3 acu \u2013 go h\u00e1irithe na portaigh n\u00edos m\u00f3 \u2013 de bharr ghn\u00edomha\u00edocht an duine, go h\u00e1irithe \u00f3 na 1960\u00ed i leith. Bh\u00edodh an Mong\u00e1n ar an bportach ba l\u00fa, ach anois t\u00e1 an r\u00e9imse is m\u00f3 ardphortaigh ghn\u00edomhacha sa cheantar seo.<\/p>\n<p><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\"alignnone size-large wp-image-754\" src=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/garriskilNPW014-1024x665.jpg\" alt=\"\" width=\"1024\" height=\"665\" srcset=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/garriskilNPW014-1024x665.jpg 1024w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/garriskilNPW014-300x195.jpg 300w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/garriskilNPW014-768x499.jpg 768w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/garriskilNPW014.jpg 1050w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><\/p>\n<p>Meastar go bhfuil sraitheanna is \u00edsle an Mhong\u00e1in i measc na sraitheanna is sine in \u00c9irinn. D\u00e1 bhr\u00ed sin, is nasc follasach \u00e9 leis an am at\u00e1 caite, mar is beag athr\u00fa at\u00e1 tagtha ar an bportach \u00f3 aimsir na lonna\u00edochta manach\u00fala.<\/p>\n<p>T\u00e1 t\u00e1bhacht le caomhn\u00fa an phortaigh seo agus meastar go bhfuil n\u00edos l\u00fa n\u00e1 0.5% den bhunlimist\u00e9ar ardphortaigh in \u00c9irinn ag tac\u00fa le m\u00f3in ghn\u00edomhach at\u00e1 mar ghn\u00e1th\u00f3g ardphortach. Is iad seo na h\u00e9iceach\u00f3rais is sine a mhaireann, agus t\u00e1 s\u00e9 de dhualgas orainn an m\u00e9id at\u00e1 f\u00e1gtha a choinne\u00e1il beo.<\/p>\n<p>D\u00e9anfaidh tionscadal an Phortaigh Bheo p\u00edosa beag de th\u00edrdhreach iontach seo na h\u00c9ireann a athbhun\u00fa chun oidhreacht mh\u00f3r a fh\u00e1g\u00e1il do na gl\u00fanta at\u00e1 le teacht.<\/p>\n<p>Thosaigh muid \u00e1 athbhun\u00fa i Me\u00e1n F\u00f3mhair 2018 agus leanadh ar aghaidh leis na hoibreacha go dt\u00ed Nollaig 2018. Tar \u00e9is beagnach 4 mh\u00ed, cuireadh isteach beagnach 400 damba, agus t\u00e1 l\u00edon beag f\u00e1gtha le cr\u00edochn\u00fa in 2021.<\/p>\n<h1 style=\"text-align: center;\">COMPAR\u00c1ID \u2013 1970\u00ed agus 2010<\/h1>\n<p>Is f\u00e9idir gurb \u00e9 Portach an Mhong\u00e1in ceann de na hardphortaigh dheireanacha a mhaireann feadh fhad ioml\u00e1n Abhainn na Sionainne. Cuireann s\u00e9 seo go m\u00f3r lena th\u00e1bhacht As an 310,000 heicte\u00e1r (750,000 acra) de phortaigh ardaithe na h\u00c9ireann a bh\u00ed le feice\u00e1il ar l\u00e9arsc\u00e1il go luath sna 1800\u00ed, deirtear nach bhfuil ach 1% gn\u00edomhach beo ina ardphortach.<\/p>\n<p>Tharla formh\u00f3r an dam\u00e1iste a rinneadh d\u00e1r bportaigh i ndiaidh an mheicnithe. Th\u00e1inig na meais\u00edn\u00ed ar phortaigh na h\u00c9ireann sna 1940\u00ed ach ba \u00f3 na 1970\u00ed ar aghaidh a baineadh barr a r\u00e9ime amach i nd\u00e1ir\u00edre, agus cailleadh formh\u00f3r an ardphortaigh in \u00c9irinn le 40 bliain anuas.<\/p>\n<p>Feictear \u00e9 sin nuair a dh\u00e9anann t\u00fa compar\u00e1id idir na h\u00edomh\u00e1nna \u00f3n aer a glacadh de Phortach an Mhong\u00e1in agus na portaigh timpeall air ag t\u00fas na 1970\u00ed agus cinn Bing Maps, a glacadh go luath in 2010.<\/p>\n<div id=\"attachment_2677\" style=\"width: 6082px\" class=\"wp-caption aligncenter\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" aria-describedby=\"caption-attachment-2677\" class=\"wp-image-1616 size-full\" src=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/000580_Mongan-Bog_1970s-1.jpg\" alt=\"\" width=\"6072\" height=\"4299\" srcset=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/000580_Mongan-Bog_1970s-1.jpg 6072w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/000580_Mongan-Bog_1970s-1-300x212.jpg 300w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/000580_Mongan-Bog_1970s-1-768x544.jpg 768w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/000580_Mongan-Bog_1970s-1-1024x725.jpg 1024w\" sizes=\"auto, (max-width: 6072px) 100vw, 6072px\" \/><p id=\"caption-attachment-2677\" class=\"wp-caption-text\">[Portach an Mhong\u00e1in (bun ar dheis) go luath sna 1970\u00ed Picti\u00far a bhu\u00edochas do chartlanna NPWS N\u00ed dearnadh aon rud ar na portaigh m\u00f3rthimpeall ar Thaobh na Sionainne den chuid is m\u00f3, ach bh\u00edodh baint mh\u00f3na coitianta trasna na habhann.]<\/p><\/div>\n<div id=\"attachment_2676\" style=\"width: 1869px\" class=\"wp-caption aligncenter\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" aria-describedby=\"caption-attachment-2676\" class=\"wp-image-1613 size-full\" src=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Mongan-2000ss.jpg\" alt=\"\" width=\"1859\" height=\"956\" srcset=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Mongan-2000ss.jpg 1859w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Mongan-2000ss-300x154.jpg 300w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Mongan-2000ss-768x395.jpg 768w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Mongan-2000ss-1024x527.jpg 1024w\" sizes=\"auto, (max-width: 1859px) 100vw, 1859px\" \/><p id=\"caption-attachment-2676\" class=\"wp-caption-text\">[An Mong\u00e1n agus an ceantar timpeall air, \u00f3 Bing Maps 2013. N\u00ed raibh tionchar ag an meicni\u00fa ar an bportach sna 1970\u00ed, mar is l\u00e9ir \u00f3n bpicti\u00far seo, mar sin f\u00e9in, bh\u00ed tionchar ollmh\u00f3r aige ar shl\u00e1ine phortaigh Thaobh na Sionainne gar do Phortach an Mhong\u00e1in agus Cluain Mhic N\u00f3is.]<\/p><\/div>\n<p><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\"aligncenter size-full wp-image-1618\" src=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Clonmacnoise-Draft-Management-Plan4.jpg\" alt=\"\" width=\"380\" height=\"254\" srcset=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Clonmacnoise-Draft-Management-Plan4.jpg 380w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Clonmacnoise-Draft-Management-Plan4-300x201.jpg 300w\" sizes=\"auto, (max-width: 380px) 100vw, 380px\" \/><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Is f\u00e9idir gurb \u00e9 Portach an Mhong\u00e1in ceann de na portaigh is suntasa\u00ed n\u00ed hamh\u00e1in in \u00c9irinn n\u00f3 go deimhin san Eoraip, ach sa domhan ar fad T\u00e1 s\u00e9 suite [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":9,"featured_media":2657,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"_acf_changed":false,"_EventAllDay":false,"_EventTimezone":"","_EventStartDate":"","_EventEndDate":"","_EventStartDateUTC":"","_EventEndDateUTC":"","_EventShowMap":false,"_EventShowMapLink":false,"_EventURL":"","_EventCost":"","_EventCostDescription":"","_EventCurrencySymbol":"","_EventCurrencyCode":"","_EventCurrencyPosition":"","_EventDateTimeSeparator":"","_EventTimeRangeSeparator":"","_EventOrganizerID":[],"_EventVenueID":[],"_OrganizerEmail":"","_OrganizerPhone":"","_OrganizerWebsite":"","_VenueAddress":"","_VenueCity":"","_VenueCountry":"","_VenueProvince":"","_VenueState":"","_VenueZip":"","_VenuePhone":"","_VenueURL":"","_VenueStateProvince":"","_VenueLat":"","_VenueLng":"","_VenueShowMap":false,"_VenueShowMapLink":false,"footnotes":""},"categories":[470,557],"tags":[533,712,715,713,711,716,674,714,708,709,710,693,717,673],"class_list":["post-3343","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-leathanach-baile-na-bportach","category-portach-an-mhongain","tag-athchoiriu-portach-ardaithe","tag-commercial-peat-harvesting-ga","tag-peat-bogs-then-and-now-ga","tag-peat-damage-1970s-ga","tag-peat-harvesting-ga","tag-peatland-then-and-now-ga","tag-portach-an-mhongain","tag-portaigh-1970i-portaigh-2000i","tag-portaigh-ardaithe","tag-preserve-our-bogs-ga","tag-restore-our-bogs-ga","tag-river-shannon-bogs-ga","tag-river-shannon-flooding-ga","tag-cluain-mhic-nois"],"acf":[],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/3343","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/9"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=3343"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/3343\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":3510,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/3343\/revisions\/3510"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/2657"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=3343"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=3343"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=3343"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}