{"id":3047,"date":"2017-02-09T16:29:24","date_gmt":"2017-02-09T16:29:24","guid":{"rendered":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/eolas-maidir-le-portach-an-raithin-mhoir\/"},"modified":"2017-02-09T16:29:24","modified_gmt":"2017-02-09T16:29:24","slug":"eolas-maidir-le-portach-an-raithin-mhoir","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/eolas-maidir-le-portach-an-raithin-mhoir\/","title":{"rendered":"Eolas maidir le Portach an R\u00e1ith\u00edn Mh\u00f3ir"},"content":{"rendered":"<p>Sampla ar fheabhas d\u2019ardphortach l\u00e1r t\u00edre agus ceann de na portaigh is doimhne at\u00e1 f\u00e1gtha in \u00c9irinn is ea SAC Phortach an R\u00e1ith\u00edn Mh\u00f3ir agus \u00e9 ar cheann de na su\u00edomhanna tionscadail LIFE is fearr \u2013 agus is \u00e1mhara\u00ed.<\/p>\n<p>T\u00e1 achar dromchla de n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 210 heicte\u00e1r ag an R\u00e1ith\u00edn M\u00f3r agus is \u00e9 seo ceann de na cinn is m\u00f3 d\u00e1r 12 shu\u00edomh. T\u00e1 m\u00f3in an R\u00e1ith\u00edn Mh\u00f3ir an-domhain \u2013 15m in \u00e1iteanna. Bh\u00edodh m\u00f3in \u00e1 baint ann ach n\u00ed bhaint\u00ed an oiread c\u00e9anna le portaigh eile sa chontae (lena n-\u00e1ir\u00edtear an portach d\u00edreach in aice l\u00e1imhe) ina n-\u00fas\u00e1idt\u00ed meais\u00edn go forleathan. In ainneoin go bhfuil cuma iontach air sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann t\u00e1 go leor obair athch\u00f3irithe f\u00f3s ag teast\u00e1il.<\/p>\n<p>In \u00e9ineacht leis na portaigh eile in U\u00edbh Fhail\u00ed, Portach Chl\u00f3irthigh agus an Mhong\u00e1in, t\u00e1 s\u00e9 ar cheann de na hardphortaigh ar a ndearnadh an m\u00e9id is m\u00f3 taighde in \u00c9irinn. M\u00e1 fh\u00e9achann t\u00fa ar l\u00e9arsc\u00e1il \u00f3n aer d&#8217;\u00c9irinn feicfidh t\u00fa gurb \u00e9 seo ceann de na hardphortaigh Oirthearacha dheireanacha sa t\u00edr.<\/p>\n<p><a href=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Raheenmore_logo.jpg\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\"alignnone size-large wp-image-857\" src=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Raheenmore_logo-1024x723.jpg\" alt=\"\" width=\"1024\" height=\"723\" srcset=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Raheenmore_logo-1024x723.jpg 1024w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Raheenmore_logo-300x212.jpg 300w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/Raheenmore_logo-768x542.jpg 768w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><\/a><\/p>\n<p>Tugadh faoi oibreacha athch\u00f3irithe anseo idir Feabhra agus Aibre\u00e1n 2020, agus cuireadh isteach 150 damba m\u00f3na san ioml\u00e1n chun cabhr\u00fa le hathch\u00f3iri\u00fa \u00e9icea-hidreola\u00edoch an phortaigh seo \u2013cuireadh leis na hoibreacha athch\u00f3irithe a rinne NPWS roimhe seo.<\/p>\n<p>T\u00e9ann stair an phortaigh bheo seo siar os cionn 10,000 bliain, ach tharla ceann de na bearta is suntasa\u00ed i mBliain Chaomhnaithe na hEorpa, in 1970, bliain a thug an spreagadh tosaigh chun portaigh in \u00c9irinn a chaomhn\u00fa.<\/p>\n<p>Scr\u00edobh Oifigeach Eola\u00edochta Bhord na M\u00f3na, Tom Barry, faoin ng\u00e1 le sampla\u00ed maithe d\u00e1r n-oidhreacht n\u00e1d\u00fartha a chaomhn\u00fa agus chinn an comhlacht an R\u00e1ith\u00edn M\u00f3r (chomh maith le cuid d\u2019Eanach Bhaile Pholaird) a cheannach chun cabhr\u00fa le Bliain Chaomhnaithe na hEorpa. Bronnadh na su\u00edomhanna seo ar an tSeirbh\u00eds P\u00e1irceanna N\u00e1isi\u00fanta agus Fiadh\u00falra sa deireadh. Ina dhiaidh sin, bh\u00ed c\u00e1il idirn\u00e1isi\u00fanta ar an R\u00e1ith\u00edn M\u00f3r nuair a roghna\u00edodh \u00e9 f\u00e9in agus Cl\u00f3irtheach mar shu\u00edomhanna le haghaidh Staid\u00e9ar Nu\u00e1lach na h\u00cdsilt\u00edre ar Ardphortaigh na h\u00c9ireann in 1989.<\/p>\n<p>Idir an d\u00e1 linn, tharla roinnt obair athch\u00f3irithe ar an su\u00edomh. Tabharfaidh an tionscadal LIFE faoina bhfad n\u00edos m\u00f3 oibre, rud a chuirfidh feabhas ar achar ioml\u00e1n an Ardphortaigh Ghn\u00edomhaigh tr\u00ed bhreis agus 20 heicte\u00e1r a chur leis an gcl\u00fadach ardphortaigh 40% ARB at\u00e1 ann cheana f\u00e9in.<\/p>\n<p>Is ardphortach uath\u00fail \u00e9 an R\u00e1ith\u00edn M\u00f3r \u00f3 thaobh an tionscadail seo de. D&#8217;fhorbair s\u00e9 in imchuach beag in abhantrach dh\u00e1 mh\u00f3rch\u00f3ras abhann \u2013 an Bhrosnach agus an Bh\u00f3inn. T\u00e1 s\u00e9 suite thart ar 5km \u00f3n Daingean i gContae U\u00edbh Fhail\u00ed agus 12km \u00f3 bhaile contae Thulach Mh\u00f3r. T\u00e1 s\u00e9 gar go leor freisin don su\u00edomh tionscadail LIFE is m\u00f3, SAC Phortach Chl\u00f3irthigh, agus bailte na hIarmh\u00ed freisin &#8211; Bealach an Tirialaigh agus Cill Bheag\u00e1in.<\/p>\n<p>Is \u00e9 130.54ha achar ioml\u00e1n an ardphortaigh r\u00e9itithe agus is portach gearrtha den chuid is m\u00f3 \u00e9 an 79.47 ha eile at\u00e1 ina thoradh ar bhaint mh\u00f3na roimhe seo.<\/p>\n<p>Sular th\u00e1inig muid, rinneadh suirbh\u00e9ireacht ar an bportach le d\u00e9ana\u00ed mar chuid de Thionscadal Monat\u00f3ireachta na nArdphortach in 2011 (Fernandez <em>et al.<\/em>) Dar leis an taighde sin, cl\u00fada\u00edonn Ardphortach Gn\u00edomhach (ARB) 52.31ha (40.07%) den limist\u00e9ar ardphortaigh. Sa sampla ARB is airde c\u00e1il\u00edochta t\u00e1 faich\u00ed <em>Sfagnaim<\/em>, linnte, tul\u00f3ga agus loig. T\u00e1 cl\u00fadach <em>Sfagnaim<\/em> 90% in \u00e1iteanna \u00e1irithe. B\u00edonn maosch\u00f3rais ghn\u00edomhacha a chrutha\u00edonn m\u00f3in in ARB freisin.<\/p>\n<p><a href=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/2-sphagnummagellanicumands.capillifolium.jpg\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\"alignnone size-large wp-image-759\" src=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/2-sphagnummagellanicumands.capillifolium-1024x768.jpg\" alt=\"\" width=\"1024\" height=\"768\" srcset=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/2-sphagnummagellanicumands.capillifolium.jpg 1024w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/2-sphagnummagellanicumands.capillifolium-300x225.jpg 300w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/2-sphagnummagellanicumands.capillifolium-768x576.jpg 768w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><\/a><\/p>\n<p>Cl\u00fada\u00edonn Ardphortach D\u00edghr\u00e1daithe 78.23ha (59.93%) den limist\u00e9ar ardphortaigh. B\u00edonn s\u00e9 n\u00edos tirime n\u00e1 Ardphortach Gn\u00edomhach agus taca\u00edonn s\u00e9 le dl\u00fas n\u00edos \u00edsle caonaigh <em>Sfagnaim<\/em>. B\u00edonn micreatopagrafa\u00edocht nach bhfuil chomh forbartha aige agus is gn\u00e1ch nach mb\u00edonn linnte buana n\u00e1 faich\u00ed <em>Sfagnaim<\/em> ann.<\/p>\n<p>B\u00edonn lagraigh ar fhoshraitheanna m\u00f3na den Rhynchosporion le f\u00e1il in Ardphortach Gn\u00edomhach agus D\u00edghr\u00e1daithe araon, ach is gn\u00e1ch go nd\u00e9antar an fhorbairt is fearr agus is tibhe orthu sna ceantair is fliche d\u2019Ardphortach Gn\u00edomhach. B\u00edonn c\u00f3ras tul\u00f3g agus log dea-fhorbartha ag an bportach.<\/p>\n<p>Is \u00ed aolchloch Charb\u00f3nmhar an bhuncharraig, agus t\u00e1 till oighreach gairbh\u00e9alach agus sil-leagan locha os a chionn seo.<\/p>\n<p>T\u00e1 draenacha doimhne forimeallacha timpeall ar an bportach, cuid acu chomh domhain le 4m. T\u00e1 draenacha dromchla ann freisin, ar an taobh thoir den phortach den chuid is m\u00f3, agus t\u00e9ann cuid acu seo siar go dt\u00ed t\u00fas na 1800\u00ed. T\u00e1 tionchar ag draen\u00e1il ar strucht\u00far ghn\u00e1th\u00f3g an phortaigh. Mar thoradh ar bhaint mh\u00f3na ar imeall an phortaigh, th\u00e1inig laghd\u00fa ar an maoschl\u00e1r laistigh de na ceantair shl\u00e1na ardphortaigh taobh leis. Cuireadh deireadh le baint mh\u00f3na ach t\u00e1 seanbhruacha \u00e9adain agus draen\u00e1il ar thalamh r\u00e9itithe tar \u00e9is drochthionchair a bheith aige ar ghn\u00e1th\u00f3ga an ardphortaigh le tamall anuas.<\/p>\n<p>C\u00e9 gur fhulaing an chuid thoir thuaidh den phortach nuair a d\u00f3dh \u00e9 roimhe seo, n\u00ed raibh aon tionchar ag an gcleachtas seo ar fhormh\u00f3r an tsu\u00edmh le blianta beaga anuas.<\/p>\n<p>A bhu\u00edochas le tionscadal LIFE, is iond\u00fail go mb\u00edonn na hionchais do Phortach an R\u00e1ith\u00edn Mh\u00f3ir go maith. Th\u00e1inig tortha\u00ed dearfacha \u00f3 oibreacha a rinneadh roimhe seo ar an bportach, agus is \u00e9 an aidhm t\u00f3g\u00e1il orthu seo. Foilseoimid tortha\u00ed \u00e1r saothar anseo in 2021.<\/p>\n<div id=\"attachment_1606\" style=\"width: 1034px\" class=\"wp-caption aligncenter\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" aria-describedby=\"caption-attachment-1606\" class=\"size-large wp-image-1606\" src=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/raheenmore-east-1024x578.jpg\" alt=\"\" width=\"1024\" height=\"578\" srcset=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/raheenmore-east-1024x578.jpg 1024w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/raheenmore-east-300x169.jpg 300w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/raheenmore-east-768x434.jpg 768w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/02\/raheenmore-east.jpg 1691w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><p id=\"caption-attachment-1606\" class=\"wp-caption-text\">An R\u00e1ith\u00edn M\u00f3r (agus ciorcal thart air) ag f\u00e9achaint soir go Baile \u00c1tha Cliath&#8230; Is \u00e9 seo ceann de na portaigh dheireanacha r\u00e9as\u00fanta sl\u00e1n at\u00e1 f\u00e1gtha soir \u00f3 Abhainn na Sionainne&#8230; Pic: Bing Maps<\/p><\/div>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Sampla ar fheabhas d\u2019ardphortach l\u00e1r t\u00edre agus ceann de na portaigh is doimhne at\u00e1 f\u00e1gtha in \u00c9irinn is ea SAC Phortach an R\u00e1ith\u00edn Mh\u00f3ir agus \u00e9 ar cheann de na [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":9,"featured_media":2674,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"_acf_changed":false,"_EventAllDay":false,"_EventTimezone":"","_EventStartDate":"","_EventEndDate":"","_EventStartDateUTC":"","_EventEndDateUTC":"","_EventShowMap":false,"_EventShowMapLink":false,"_EventURL":"","_EventCost":"","_EventCostDescription":"","_EventCurrencySymbol":"","_EventCurrencyCode":"","_EventCurrencyPosition":"","_EventDateTimeSeparator":"","_EventTimeRangeSeparator":"","_EventOrganizerID":[],"_EventVenueID":[],"_OrganizerEmail":"","_OrganizerPhone":"","_OrganizerWebsite":"","_VenueAddress":"","_VenueCity":"","_VenueCountry":"","_VenueProvince":"","_VenueState":"","_VenueZip":"","_VenuePhone":"","_VenueURL":"","_VenueStateProvince":"","_VenueLat":"","_VenueLng":"","_VenueShowMap":false,"_VenueShowMapLink":false,"footnotes":""},"categories":[470,601],"tags":[607,604,612,611,608,616,609,610,603,613,614,615,605,606],"class_list":["post-3047","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-leathanach-baile-na-bportach","category-portach-an-raithin-mhoir","tag-bliain-chaomhnaithe-na-heorpa-1970","tag-bord-na-mona-ga","tag-daingean-ga","tag-eanach-pollardstown","tag-life-dulra-agus-bitheagsulacht","tag-moin-is-doimhne","tag-natura-2000-suiomh","tag-npws-ga","tag-phortach-an-raithin-mhoir","tag-portach-ardaithe-lar-na-tire","tag-portaigh-dhomhain-na-heireann","tag-portaigh-mhona-domhain","tag-shabhail-tom-barry-portach","tag-tom-barry-bord-na-mona-ga"],"acf":[],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/3047","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/9"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=3047"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/3047\/revisions"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/2674"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=3047"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=3047"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=3047"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}