{"id":3042,"date":"2017-01-26T10:02:16","date_gmt":"2017-01-26T10:02:16","guid":{"rendered":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ceathru-bheithi-an-cheachair\/"},"modified":"2022-12-22T10:59:06","modified_gmt":"2022-12-22T10:59:06","slug":"ceathru-bheithi-an-cheachair","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/ceathru-bheithi-an-cheachair\/","title":{"rendered":"Ceathr\u00fa Bheith\u00ed\/an Cheachair"},"content":{"rendered":"<p>Portach tuilemh\u00e1 m\u00f3r \u00e9 Limist\u00e9ar Caomhantais Speisialta Phortach Cheathr\u00fa Bheith\u00ed\/na Ceachrach. Th\u00e1inig forbairt air i log\u00e1n idir droimn\u00edn\u00ed \u00edsle in uisc\u00ed uachtair na Suca. T\u00e1 achar dromchla thart ar 343 heicte\u00e1r sa phortach, a fh\u00e1gann go bhfuil s\u00e9 ar cheann de na l\u00e1ithre\u00e1in is m\u00f3 at\u00e1 mar ph\u00e1irt de thionscadal LIFE (an Cl\u00e1r don Chomhshaol agus do Ghn\u00edomh\u00fa ar son na hAer\u00e1ide). Portach bre\u00e1 \u00e9 at\u00e1 suite i gcro\u00edl\u00e1r cheantar Ghort an Ghainimh agus \u00e1iseanna ann do chuairteoir\u00ed..<\/p>\n<p>T\u00e1 Portach Cheathr\u00fa Bheith\u00ed suite in iarthar Chontae Ros Com\u00e1in, 8km soir \u00f3 thuaidh \u00f3 Bh\u00e9al \u00c1tha hAmhnais agus 9km taobh \u00f3 thuaidh de Bhaile an Locha. D\u00edol sp\u00e9ise \u00e9 go bhfuil s\u00e9 suite thart ar 5km soir \u00f3 dheas \u00f3 Phortach Dhoire an Fhia (l\u00e1ithre\u00e1n eile \u00f3n tionscadal as 12 cheann at\u00e1 againn).<\/p>\n<p>Rinneadh neart obair athch\u00f3irithe ar an bportach seo idir m\u00ed na Samhna in 2019 agus m\u00ed an Mh\u00e1rta in 2020. Cuireadh isteach beagnach 1,100 damba ionas go mbeadh uisce ag gluaiseacht ar an bportach agus chun carb\u00f3n a ghlas\u00e1il go domhan sa mh\u00f3in.<\/p>\n<p><a href=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/01\/01.-Carrowbehy_logo-Copy-2-300x205.jpg\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\"alignnone size-medium wp-image-290\" src=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/01\/01.-Carrowbehy_logo-Copy-2-300x205.jpg\" alt=\"\" width=\"300\" height=\"205\" srcset=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/01\/01.-Carrowbehy_logo-Copy-2-300x205.jpg 300w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/01\/01.-Carrowbehy_logo-Copy-2-768x524.jpg 768w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/01\/01.-Carrowbehy_logo-Copy-2.jpg 800w\" sizes=\"auto, (max-width: 300px) 100vw, 300px\" \/><\/a><\/p>\n<p>Rud at\u00e1 neamhghn\u00e1ch faoi go bhfuil droimn\u00edn cl\u00fadaithe i bp\u00e1irt ag an bportach \u00f3 thuaidh. Sampla maith \u00e9 an l\u00e1ithre\u00e1n de phortach ardaithe iartharach.<\/p>\n<p>Ceithre cinn de phr\u00edomhliopa\u00ed at\u00e1 sa phortach:<\/p>\n<p><strong>An pr\u00edomhliopa<\/strong><br \/>\n<em>Conair l\u00edneach de phortach at\u00e1 anseo at\u00e1 leagtha amach sa treo \u00f3 thuaidh siar \u00f3 thuaidh &#8211; \u00f3 dheas soir \u00f3 dheas. . T\u00e1 sruthanna mar theorainneacha ann ar an taobh thiar agus thuaidh. Cnoic at\u00e1 mar theorainneacha ar an taobh thoir agus portach r\u00e9itithe at\u00e1 \u00f3 dheas. T\u00e1 an taobh thoir den liopa seo ag s\u00edneadh amach thar an taobh de cheann de na cnoic imeallacha. T\u00e1 achar thart ar 130ha sa phr\u00edomhliopa.<\/em><\/p>\n<p><strong>An liopa thiar thuaidh<\/strong><br \/>\n<em>T\u00e1 an liopa seo ar an taobh thiar thuaidh den phr\u00edomhliopa. T\u00e1 an liopa seo ar an taobh thiar thuaidh den phr\u00edomhliopa. T\u00e1 sruth ann mar theorainn ag an limist\u00e9ar ar na taobhanna thuaidh agus thoir de, t\u00e1 cnoic ann \u00f3 dheas agus portach r\u00e9itithe ar an taobh thiar. T\u00e1 achar thart ar 35a ann.<\/em><\/p>\n<p><strong>An liopa thuaidh<\/strong><br \/>\n<em>T\u00e1 an liopa seo ar an taobh thuaidh den phr\u00edomhliopa. Iarsma d\u2019achar n\u00edos m\u00f3 portaigh at\u00e1 ann, a ndearnadh cuid de a choillti\u00fa. T\u00e1 s\u00e9 curtha san \u00e1ireamh anseo mar gheall ar an drocheanach at\u00e1 forbartha ar an gcoirn\u00e9al thoir theas de. T\u00e1 sruth m\u00f3r ann idir \u00e9 f\u00e9in agus na liopa\u00ed eile. T\u00e1 achar thart ar 25 ha sa chuid seo den phortach.<\/em><\/p>\n<p><strong>An liopa thiar<\/strong><br \/>\n<em>Seo an liopa is l\u00fa astu ar fad (timpeall 20ha). T\u00e1 sraith draenacha m\u00f3ra ann idir \u00e9 f\u00e9in agus an pr\u00edomhliopa. T\u00e1 na draenacha sin ar an imeall thoir de Cnoic at\u00e1 mar theorainn \u00f3 dheas agus ar an taobh thiar de, sruth m\u00f3r at\u00e1 ann \u00f3 thuaidh.<\/em><\/p>\n<p><em>Seo ceann de na portaigh is m\u00f3 \u00f3 thaobh \u00e9ags\u00falacht speiceas de sa r\u00e9igi\u00fan. T\u00e1 liosta fada de speicis s\u00fas\u00e1in (Sfagnam) ann i gcomhth\u00e9acsanna \u00e9ags\u00fala. T\u00e1 an phr\u00edomhchuid den phortach sl\u00e1n, mar a bhfuil roinnt lochanna inl\u00edonta beaga, borrfh\u00e1s agus sraith s\u00famair\u00ed.<\/em><\/p>\n<p><em>T\u00e1 limist\u00e9ir de phortach creatha le f\u00e1il gach \u00e1it sa phr\u00edomhchuid. T\u00e1 linnte m\u00f3ra idircheangailte g\u00e9ara le f\u00e1il ann chomh maith, mar aon le tul\u00f3ga maithe gn\u00edomhacha. T\u00e1 an dromchla fliuch ar fud an phortaigh, fi\u00fa ag dul i dtreo na ciumhaise.<\/em><\/p>\n<p>1a.**( BOG PIC HERE)<\/p>\n<p><em>Ar an taobh thiar den phr\u00edomhchuid, agus sruth eatarthu, t\u00e1 cruinneach\u00e1n ciorclach ann. \u00d3 thuaidh, t\u00e1 ceantar a bhfuil portach r\u00e9itithe ann taobh le droimn\u00edn chomh maith le pobal dea-shaothraithe s\u00fas\u00e1in at\u00e1 ar aon dul leis an gcrios bunmhar eascaigh.<\/em><\/p>\n<p><em>N\u00edl gearradh m\u00f3na ar si\u00fal ar an l\u00e1ithre\u00e1n n\u00edos m\u00f3. Bh\u00ed deireadh leis faoi 2003 (Fernandez et al. 2014a, b). T\u00e1 seanbhruacha \u00e9adain le f\u00e1il thart ar chuid mhaith den ardphortach.<\/em><\/p>\n<p>Thuairiscigh Kelly et al. (1993) gur gn\u00edomha\u00edocht a imr\u00edonn tionchar at\u00e1 sa loscadh. Thuairiscigh Fernandez et al. (2005) an rud c\u00e9anna. . Mar sin f\u00e9in, n\u00ed raibh aon fhianaise ar loscadh ar an l\u00e1ithre\u00e1n le linn na tr\u00e9imhse idir 2005 agus 2012 (Fernandez et al. 2014a, b).<\/p>\n<p><a href=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/01\/02.-50k_Road_Map_RN-page-001-300x212.jpg\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\"alignnone size-medium wp-image-291\" src=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/01\/02.-50k_Road_Map_RN-page-001-300x212.jpg\" alt=\"\" width=\"300\" height=\"212\" srcset=\"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/01\/02.-50k_Road_Map_RN-page-001-300x212.jpg 300w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/01\/02.-50k_Road_Map_RN-page-001-768x542.jpg 768w, https:\/\/www.raisedbogs.ie\/wp-content\/uploads\/2017\/01\/02.-50k_Road_Map_RN-page-001.jpg 800w\" sizes=\"auto, (max-width: 300px) 100vw, 300px\" \/><\/a><\/p>\n<p>T\u00e1 luach ag baint le Portach Cheathr\u00fa Bheith\u00ed\/na Ceachrach \u00f3 thaobh an chaomhantais de. Rud at\u00e1 go speisialta t\u00e1bhachtach faoi n\u00e1 go bhfuil an t-ardphortach neamhghearrtha ar an l\u00e1ithre\u00e1n seo thar a bheith sl\u00e1n agus gur limist\u00e9ar gn\u00edomhach l\u00e1rnach at\u00e1 ann. T\u00e1 sampla\u00ed maithe den tul\u00f3g le f\u00e1il anseo. T\u00e1 limist\u00e9ir mh\u00f3ra de phortach creatha ann chomh maith le linnte m\u00f3ra idircheangailte g\u00e9ara.<\/p>\n<p>Ar an l\u00e1ithre\u00e1n seo, t\u00e1 sampla\u00ed maithe den chine\u00e1l gn\u00e1th\u00f3ige tosa\u00edochta \u00f3 Iarscr\u00edbhinn I den Treoir AE um Ghn\u00e1th\u00f3ga, *Portach Ardaithe Gn\u00edomhach (7110), agus an ghn\u00e1th\u00f3g neamhthosa\u00edochta \u00f3 Iarscr\u00edbhinn 1,<\/p>\n<p>Portach Ardaithe D\u00edghr\u00e1daithe a d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed a athghini\u00faint (7120) \u2013 mar aon leis an ngn\u00e1th\u00f3g neamhthosa\u00edochta \u00f3 Iarscr\u00edbhinn 1, Loig ar shubstr\u00e1it\u00ed m\u00f3na den Rhynchosporion (7150). Ina theannta sin, t\u00e1 an l\u00e1ithre\u00e1n seo ar cheann de na l\u00e1ithre\u00e1in is oiri\u00fana\u00ed le cusp\u00f3ir\u00ed an tionscadail a bhaint amach \u00f3s rud \u00e9 go bhfuil tortha\u00ed d\u00f3chasacha le feice\u00e1il mar gheall ar na hoibreacha athch\u00f3irithe ar tugadh f\u00fathu roimhe seo. Rinneadh oibreacha athch\u00f3irithe ar an su\u00edomh roimh 2005. Bloc\u00e1ladh cuid de na draenacha san ardphortach mar chuid de sin.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Portach tuilemh\u00e1 m\u00f3r \u00e9 Limist\u00e9ar Caomhantais Speisialta Phortach Cheathr\u00fa Bheith\u00ed\/na Ceachrach. Th\u00e1inig forbairt air i log\u00e1n idir droimn\u00edn\u00ed \u00edsle in uisc\u00ed uachtair na Suca. T\u00e1 achar dromchla thart ar 343 [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":9,"featured_media":2181,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"_acf_changed":false,"_EventAllDay":false,"_EventTimezone":"","_EventStartDate":"","_EventEndDate":"","_EventStartDateUTC":"","_EventEndDateUTC":"","_EventShowMap":false,"_EventShowMapLink":false,"_EventURL":"","_EventCost":"","_EventCostDescription":"","_EventCurrencySymbol":"","_EventCurrencyCode":"","_EventCurrencyPosition":"","_EventDateTimeSeparator":"","_EventTimeRangeSeparator":"","_EventOrganizerID":[],"_EventVenueID":[],"_OrganizerEmail":"","_OrganizerPhone":"","_OrganizerWebsite":"","_VenueAddress":"","_VenueCity":"","_VenueCountry":"","_VenueProvince":"","_VenueState":"","_VenueZip":"","_VenuePhone":"","_VenueURL":"","_VenueStateProvince":"","_VenueLat":"","_VenueLng":"","_VenueShowMap":false,"_VenueShowMapLink":false,"footnotes":""},"categories":[470,590],"tags":[],"class_list":["post-3042","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-leathanach-baile-na-bportach","category-phortach-cheathru-bheithi-na-ceachrach"],"acf":[],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/3042","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/9"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=3042"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/3042\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":3499,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/3042\/revisions\/3499"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/2181"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=3042"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=3042"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/www.raisedbogs.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=3042"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}